Tá Soillse Na Nollag


Magi at Manger

Tá soillse na Nollag ag loinnriú le bua, 
O Cheart Lár na cathrach go huaigneas a’ tuath
Tá coinnéal na Nollag san fhuinneog ‘na suí, 
Ag fáiltiú roimh Mhuire, a theacht chun a tí

  Tá an Ré is na Réalta ag soillsiú sa spéir, 
Agus ciúineas na Nollag le mothú san aeir
Tá ‘n saibhir ‘san daibhir ar aon intinn amháin,
Ag fáiltiú roimh Iosa isteach inár saol

  Go ngealaí na soillse an ród atá romhainn, 
Is bí thusa a Iosa ár dtreorú go buan
Nó solus is gile dár shoillsí go fóill, 
Do theachtsa a Iosa isteach inár saol

CHORUS:
O tar chugainn, a Mhuire, ‘s beannaigh ár saol
Beidh aoíocht le fail agat féin ‘s do naoin’
Scrios as ár mbeatha an ghráin ‘s an fhuath
‘S neartaigh an grál inár gcróithe atá dúr

Courtesy of Vivian & Jack.
Text contributed by:
Support this site!
Back to Christmas Menu

Email: [email protected]