Aingil chualamar As Ard - Angels We have Heard on High


Aingil chualamar as ard
Ag ceol go haoibhinn ar fud na mbán
Agus na beanna ag taobhú leo
Le macalla suairc a ndán

Glóire, Glóire le Dia sna harda

Tuige, Aoirí , bhur lúcháir?
Cad fé ndear bhur ngliondar buan
Nochtaidh dúinn an scéala láir
Tá mar spreagach le bhur nduan

Glóire, Glóire le Dia sna harda

Gluais, go bhfeicfir 'mBeitheal romhat
An t-É a mhórann cor ainglí
Tar 's umhlaigh 'n omós Dó
Críost a saolaíodh ina Rí

Glóire, Glóire le Dia sna harda

Féach sa mhainséar ina luí
Íosa, Tiarna neimhe 's talún
A Mhuire, 's Iosaif, 's é ár nguí
Gean a chothú Dó fá rún

Glóire, Glóire le Dia sna harda

Courtesy of Vivian & Jack.
Background music & angels by Pam at:
www.stceliascorner.com
Back to Christmas Menu

Email: [email protected]