| . | Na Trí Leinteacha de'n Cheanabhán Móna - The Three 
Bog-Cotton Shirts Episode 5. 
How the Sister Started to Weave the Three Bog-Cotton Shirts and How she was discovered 
by the Handsome Young Man. 
 
|  'eadh, sin mar a bhí. Chomáin sí léi abhaile agus ar maidin lá 'r na 
mháireach, nuair a bhuail an duine uasal amach, agus a ghadhair agus a ghunna 
aige mar a dheineadh i gcómhnui, do rith a mháthair amach agus ghlaoidh 
sí air, �A leithéid seo a mhic,� ars' ise, �tá deartháir t'athar 
ana-breóite agus i n-ucht bháis agus is ceart duit dul d'á fhéachaint.� 
�Is dócha gur ceart,� ars' eisean léi, �agus ar ndóigh níor airigheas-sa 
aoin-ní bheith air go dtí seo.� D'iompaigh sé thar n-ais agus d'ullmhuigh 
sé é féin chun dul ag feiscint a dhuine mhuinteardha agus bhí sé ag 
imeacht agus na gadhair agus a ghunna aige. Rith a mháthair amach arís agus 
ghlaoidh sí air, �á! a mhic,� ars' ise, �cad 'na thaobh go bhfuillean 
t/u ag breith na ngadhar san leat ? Cad dearfadh aoinne chífaidh tu 
ag imeacht ar an gcuma sin, acht gur mhó bheadh seilgireacht ag deanamh 
buartha dhuit ná an duine breóite.� �Is dócha go bhfuil an ceart 
agat a mháthair,� ars' eisean. Chuir sé na gadhar isteach agus chuir 
sé a ghunna i gcoimeád agus chomáin sé leis fé dhéin tighe dearthar a athar. 
 | 16. And that's what happened. She went home and on the next day, when the young man 
had gone out with his gun and hunting dogs as he always did and his mother ran after 
him and shouted on him, �Son, � she said, �your uncle is very sick and in danger of 
dying and it is only right that you should go to visit him.� �I suppose you are right,� 
he said, �although I never noticed anything wrong with him up to now,� He turned back 
and got himself ready to go to see his relative and he was just setting out with his 
gun and dogs when his mother ran out again and shouted after him, �Ah! Son,� she said, 
�why are you taking your dogs with you. What will anyone who sees you say but that 
you are more keen to go hunting than to bother about seeing someone who is 
ill.� �I suppose you are right, mother,� he said and he put the dogs inside and his 
gun in its safe place and set off for his uncle's house. 
 |  | 17. Nuair a bhí an duine uasal óg scathamh ó'n dtigh 
tháinig an mháthair agus fuair sí iall agus cheangail 
sí na gadhair d'á chéile. Choimead sí féin 
greim daingean ar cheann na h-éille agus scaoil sí chun si/ul  
na gadhair. Comáin na gadhar leó agus níor stádadar 
go dtangadar go dtí an bhotháinín go raibh an bhean 
óg ann agus lean sí isteach sa bhotháinín iad.Tar 
éis teacht isteach dí d'fhéach sí mórthimcheall 
an tíghe bhig agus chonnaic sí na héanlaithe ar chrocadh anuas. 
�á,� ar sise �Is beag an iona domh-sa bheith gan feóil /ur agus 
a bhfuil ar crochadh as do chionn-sa i n-áirde. Cad é an saghas 
mná i n-aon chor th/u ?� Níor labhair an bhean eile pioc.
�An amhlaidh ná labharfaidh t/u leis na daoinibh ?� ars' ise. Dhirigh 
sí rástail ar fuaid an tighe bhig le neart buile  agus feirge 
agus chonnaic sí an cliabháinín agus an leanbh 
óg istigh ann. �B'fhéidir go dtabharfinn-se do chaint 
duit ar nóimeat,� ars' ise. Rug sí ar an cliabháinín 
agus an leanbh istigh ann agus thóg sí go dtí an doras 
agus bhuail sí anuas ar an dtalamh é agus bhuail sí 
lena chos é agus bhris sí é agus thug sí scannradh 
ar an leanbh. �B'fh'eidir go mbeadh a mhalairt do sceal agat amáireach 
nuair a thiocfhaidh do chompánach,� ag bualadh an doras amach agus '
á bhfágaint ansan. Chomáin sí léi ansan 
go ndeaghaigh sí abhaile. 
 | 17. When the young gentleman was some distance away from the house, the mother 
came and got a rope and she tied the two dogs together and she kept a firm 
grip on the end of it and she set off with them. The dogs carried on and 
never stopped until until they came to the hut where the young lady was 
and she followed the dogs inside. When she had entered, she looked all around 
and she saw the fowl hung up on the wall. �Ah,� she said, �It's little wonder 
that I am going without fresh meat when you have it hung up high there. 
What sort of woman are you ?� The young woman never said a word. �Why is it 
that you won't speak to anyone ?� said the old lady raging through the whole 
place with rage and anger.  
Then she saw the cradle with the little child 
in it. �Maybe you will recover your speech in a moment,� she said and she 
seized the child in the cradle and she took it down to the door and dumped it 
down on the ground. She stamped on the cradle with her foot and broke it and 
terrified the baby.. �Maybe now there'll be some change in your behaviour tomorrow 
when your companion comes,� she said, going out the door and leaving her there. 
She kept on going then until she got home. 
 |  | 18. Ba dheachair a rá ná go raibh buairt ar an mnaoi óig bhoicht 
nuair a chonnaic sí an cor a bhí  tabharta d'á leanbhín.
Chuir sí arís isteach sa chliabháinín é mar a raibh 
sé cheanna agus do thit aon deór amháin uaithi.Tháinig an 
duine uasal óg abhaile an oiche sin go dtí tigh a mháthar. 
D'éirigh go moch lá'r 'n-a mháireach agus chomáin sé 
leis agus na ghadhar agus a ghunna aige mar ba gnathach agus ní raibh puinn 
aimsire gur shrois sé an áit seo go raibh a bhean. Dhein sé breis 
dethnis an mhaidin seo toisc gan bheith ann inné roimhe sin. Tháinig 
sé isteach sa tighín agus is'é an chead áit go ndeaghaidh 
sé ná go dtí an cliabhán ag féachaint ar an 
bpáiste agus mo dhá chráiteacht is amhlaidh a bhí an 
cliabhán briste agus a leanbh beagnach marbh. �á,� ars' eisean, �Ní 
raibh fhios agam cad é an saghas mná th/u go dtí seo. Thángais 
agus bhuail t/u an leanbhín bocht agus bhris t/u an cliabháinín 
mar gheall ar mise fánamhaint uait inné agus dhiolfair as liomsa anois. 
Gluais ort amach i n-éinfheacht liom anois.� Do bhailigh sí c/uichea cuid 
oibre agus chomáin sí léi i n-einfheacht le n-a fear 
go dtángadar go dtí a thigh féin Ansan, thug sé ord/u  d'á raibh d'fhearaibh aige dul ag baili/u fugóidí agus iad a 
chur i n-aon charn amhain Ba ró-gheárr an mhoill ortha iad a bhaili/u � 
ana chruach mhór díobh.�Téanam ort anois,� ars' an duine uasal 
óg le n-a bhean. Do ghluais uirthi agus chuireadh i n-áirde ar an gcruaich 
mhóir fugóidi seo í. 
 | 18 It would be difficult to tell the grief of the young woman when she saw the treatment 
that was being given to her child by the old hag. She arose and  picked up the child 
and then she put it back in the cradle where it had been and she shed a single tear. 
The young gentleman returned to his mother's house. He rose early next morning and set 
out with his dogs and gun as usual and it wasn't very long before he got to the place 
where his wife was. He was in some haste this morning because he hadn't been there 
the previous day. He came into the little house and the first thing he did was to go 
to the cradle to see how the child was and, alas, he found the cradle broken and his 
child almost dead.   �Ah,� he said to the child's mother, �I didn't know what sort of 
woman you were until now. You came and struck the poor little child and broke the 
little cradle because I stayed away yesterday and now you'll pay for it. Come out with 
me now.� She gathered up her work and she accompanied her husband until they reached 
his house. Then he ordered his men to gather firewood and to pile it up in one heap. 
It wasn't long before they had built a big pile. �Hurry up now,� said the young man 
to his wife and he put her her on top of the huge pile.  
to be continued 
 |  |