Bailiff collecting rent -- Cobbler Story... Chapter 4.  
| 
In this fourth chapter Séadna is at home and content that he did not 
acquire the horse or the cow at the fair. They would only have caused him trouble. He continued 
in the cobbler shop, hired apprentices and prospered beyond belief. 
  | 
| 
  | 
huise, an bhfeaca aon Chríostaí riamh a leithéid sin d'obair? "
ar seisean, agus tharraing sé amach é. Cuardach ! Níor chuardach 
go dtí é! Aon ní ach mo mhéireanna a chur amach trí 
chúinnibh na bpocaí !... Bhíodar comh follamh agus a bhíodar 
riamh agus níor bheag dóibh sin. Ní fhéadfaidís bheith 
níos follamha... Cár imigh sé ? Cé thug thar n-ais é? 
Cad é an tairbhe dhomsa sparán trom teann bheith agam im phóca agus 
ansan mé a dhul ar an aonach agus spreallairín fir na mearacán 
mé caineadh os comhair na gcomharsan, agus 'greasaí beag buí' a 
tabhairt orm ná raibh pinginn im phóca !... Agus anois, caithfidh mé 
dul in éineacht leis an bhFear Dubh i gceann  trí bliana déag !... Cad 
é an saghas mhargadh é sin nuair nach féidir liom aon usáid a 
bhaint as an sparán ? Beidh sé comh teann an lá deannach agus 
atá sé anois... ní hiúnadh dhó san a rá ! 
  | 
27. "Well, did any Christian ever see the likes of that for work ? " he said, and he drew it out. Search ! There was never a search like it! I almost put my fingers out through the corners of my pockets! They were as empty as ever they were and that's saying a lot. They couldn't be emptier... Where did it go ? Who put it back ? What is the use of having a full, heavy purse in my pocket and going to the fair for any fool of a thimble-rigger to be able to shame me out in front of the neighbours and call me 'little, yellow cobbler without a penny in his pocket' ! And now, I must go with the Dark Man in thirteen years time. What sort of bargain is that when I can't make any use of the purse ? "It'll be as full on the last day as it is now"... no wonder he could say that ! " | 
| 
  | 
28. Bhí Séadna ag machtnamh dó féin... B'fhéidir, tar 
éis an tsaoil, gurb amhlaigh mar is fearr é nar cheannaíos an 
capall...mharódh an capall úd mé agus ansan ní bheidís 
na trí bliana déag féin agam... agus... b'fhéidir óir 
nar cheannaíos an bhó, ní gá dhom bheith ag lorg mná 
chun a chrúite. B'fhéidir narbh fhearr riamh é mar scéal !..
.Déanfad brógaí agus beidh fhéidir liom a chuid airgid a 
thabhairt do Uí Marlaigh arís... gan bacadh cor ar bith leis an t-airgead i 
sporán an fhir dhuibh  
  | 
28. Séadna was thinking to himself... Perhaps, after all, it might be that it was better 
that I didn't buy that horse... It would kill me and then I wouldn't even have the thirteen 
years !... And perhaps it was just as well that I didn't buy a cow, because I would have 
had to look for a wife to milk it... I'll just make the boots and  be able to pay back the 
money to Marley without bothering at all with the Dark Man's purse.  
  | 
| 
  | 
29. Ag gabháil an bóthar abhaile dó, do bhí a aigne agus a 
intinn trína chéile. I gcaitheamh na slí, níor scar an 
lámh clé leis an taobh an veist go raibh  an sparán laistigh de. 
Nuair a tháinig se abhaile, bhí a aigne déanta suas. Shuí 
sé isteach sa cathaoir... thóg úll agus greim den mhín... agus 
bhí é ag cogaint ... agus chaith sé sparán an Fhir Dhuibh 
treasna an seomra isteach sa choirnéal � áit ina fhán sé le 
blianta fada ina dhiadh sin � deannach agus leaba an deamhain alla air. Tharraing sé 
cuige a chuid leathair agus a chuid chéarach agus a chuid snáithe agus chrom 
sé ar obair. Nuair a bhí dá fhéire bróg criochnaithe 
aige, d'imthig sé agus dhíol sé iad agus thug sé luach 
dhá phúnt leathair abhaile leis, agus ansan luach cheithre bpunt. Ansan do 
thug sé leis beirt ghréasaí eile ar a bpá lae agus fé 
cheann tamaill beirt eile. Ba ró ghearr go raibh a ainm in airde sa dúthaigh 
le feabhas agus le saoire a bhróg. 
  | 
29. As he went home, his mind was in a whirl. The whole way his left hand never left the 
side of his waistcoat where the purse was. When he got home, his mind was made up. He sat 
down in his chair... took an apple and a fistful of meal... 
and  whilst he was chewing, he 
took the purse of the Dark Man... and threw it across the room into the corner, where it 
stayed for long years gathering dust and cobwebs. He pulled a sheet of leather towards him 
together with his wax and thread and got down to his work. When he had two pairs of boots 
made he went and sold them and took two pounds-worth of leather home with him, and then 
four pounds worth. Then he took two other cobblers on a daily wage and after a little 
while, two more. In a very short time, his name was widely known in the area for the 
excellence and cheapness of his boots.  
  | 
| 
  | 
30. Is cuige a thagadh ag triall air na daoine ba shaibhre agus dob uaisle ag ceannach 
bróg mar is ortha a bhíodh an déanamh ba deise. Is ag triall air a 
thagadh na daoine bochta n� bhíodh airgead na mbróg oiriúnach acu, 
mar do thugadh sá cairde breá fada dóibh. Thug sé cabhair do 
gréasaíthe eile ná raibh airgead acu chun leathar a cheannach  is 
mó gréasaí bocht a bheadh go minic gan bia ag a chlainn ná muc 
sa doras aige mára mbeadh Séadna. Ag dul go dtí Aifreann an Domhnaigh 
no lae shaoire nó ar margadh ag díol bróg dó, is mó 
duine a bhiodh ag teacht roimis ar an mbóthar agus ag glaoch i leathaoibh air, a 
rá, Gabh mo leithscéal, a Shéadna... bheadh an dá phunt 
úd agam duit ach gur theip orm an mhuc a dhíol. nó Go deimhin, a 
Shéadna tá náire orm teacht chun cainnte leat agus gan leathphinge 
ded chuid airgid fós agam duit ach do buaileadh mo mhac breóite...  
  | 
30. It was to him that the richest and highest came to buy boots for they were known for 
the excellence of workmanship. The poor people came also who had not the right money for 
boots since he gave fine, long credit. He helped other cobblers who lacked the money to 
buy leather  many a poor cobbler wouldn't have food for child or pig at home but for 
Séadna. Going to mass on Sunday or High day or at the market selling boots, many a 
person would come over to him on the road and call him to one side, Excuse me 
Séadna... I would have had that pound for you but I failed to sell the pig. or 
Indeed, Séadna I'm ashamed to come talking to you and not having a halfpenny of 
your  money yet, but my son fell ill...  
  | 
| 
  | 
31. Bhí aon fhear amháin gur thug Séadna an t-eiteachas dó. 
Tháinig sé sin i gculaith éadaigh uasail a dhá láimh go 
breá bog gan rian oibre orthu. Go deimhin a Sheadna, ar seisean, tá cheann  
fé orm go gcaithfinn teacht ag triall ortsa ag lorg airgid ar iasacht. Ach do 
dhéanfadh céad punt áise mhór anois dom... Ní hé 
gach lá a thiocfaidh mo leithéidse á iarraidh ort. Is oth liom 
ná fuil céad punt agam oiriúnach anois le thabhairt duit, arsa 
Séadna.  
  | 
31. There was one man to whom Séadna gave a refusal. He came in elegant clothes and 
his two hands were soft and without the marks of labour on them. Indeed Séadna, I'm 
embarrassed to come looking for you seeking the loan of money. It isn't every day that a 
man of my quality comes asking you, but a hundred pounds would be of great assistance to 
me at the moment. I regret that I haven't a hundred pounds that I could conveniently give 
you, said Séadna.  
  | 
| 
  | 
32. Do stad an duine uasal agus d'fhéach sé ar Shéadna. Ní 
raibh aon choinne aige in aon chor aige leis an bhfreagra san. D'fhéach sé 
ar Shéadna mar a fhéachfadh sé ar ainmhí éigin 
neamhchoitianta. D'fhéach Séadna go seasmhac idir an dhá súil 
air... Ó, ar seisean, do dhéanfadh deich bpuint is daichead an gnó. 
Is oth liom, arsa Séadna, na bhfuil deich bpuint is is daichead... na deich bpuint... 
ná aon punt amháin le fáil agat. Tháinig an féachaint 
úd i súilibh Shéadna. Tabhair do bhóthar ort ! Is beag nar 
léim sé an doras amach.  
  | 
32. The gentleman stopped and looked at Séadna. He had not expected any such reply at all. 
He looked at Séadna as if he were some unusual sort of animal. Séadna looked 
back at him steadily between the eyes. Oh, said the gentleman, Fifty pounds would do... I 
regret, said Séadna, that you cannot have fifty pounds... nor ten pounds...
nor even a single pound ! That look came into Séadna's eyes. Get out ! The man 
almost jumped out through the door.  
  | 
| 
  | 
33. Maidin amháin níor tháinig Micheál, fear den a chuid 
ghréasaí, isteach chun obair. D'fhéach Séadna ina thimpall. 
Cá bhfuil Micheál? ar seisean. D'fhán sé sa bhaile, arsa an 
fear a labhair. Tá báille ag teacht ann ag tógailt cíosa, 
agus ní deirim go bhfuil leathphinge airgid fé iadhadh an tí acu. 
Níor dhéin Séadna ach casadh agus imeacht an doras amach. Baintreach 
dob ea mathair Mhíchil. Do dhéin sé ceann ar aghaidh ar thigh na 
baintrí. D'fháiltigh an baintreach roimis. Ní raibh an báille 
ann go fóill. Cad tá uaidh sin ? arsa Séadna. Tá an 
cíos, ar sise. An mór é ? ar seisean. Fiche punt,ar sise. Seo,ar 
seisean.Tá punt sa tseachtain ag dul do Mhicheál. Sin fiche punt dá 
phá roimh ré agat. Ariú, ar sise,  cad ar a shon go dtabharfá 
an oiread san airgid dom roimh ré ? Ar son an tslánaitheora, ar seisean.Go 
dtuga an Slánaitheor a luach dhuit ! ar sise. Bhí sé imithe sara 
raibh uain aici ar a thuilleadh a rá.  
  | 
33. One morning, Micheál, one of his cobblers, didn't come come in to work. 
Séadna looked around. Where is Micheál ? he said. He stayed at home, said 
one of the men.The bailiff is coming to collect the rent and I tell you, there isn't a 
halfpenny in the house. Séadna did nothing but turn on his heel and go out the 
door. Micheál's mother was a widow. She welcomed him in. The bailiff hadn't come 
yet. What does that fellow want? asked Séadna. The rent, she replied. How much is 
it ? he asked. Twenty pounds, she said. Here, he said. Micheál gets a pound a 
week. That's twenty pounds in advance you have. Heavens ! she exclaimed. Why would you 
give so much money in advance ? For God's sake, he said.  May God give his reward to you! 
she replied and he  was out the door before she could say more.  
  | 
| 
  | 
34. Tháinig an báille isteach. Hata bán air. Pluic air. Pus 
mórchúiseach air. Caincín ramhar air. Muineál beathathaithe 
air. Casóg bhréide ghlaschaorach air. Bolg mór air. Tarr leathan air. 
Colpaí air. Bata trom draighin duibh ina láimh. É ag cneadaigh agus 
ag séideadh. Cíos no seilbh, a bhean an tí, ar seisean. Do ghlaoigh 
sí ar a mac. Seo, a Mhicil, ar sise, comhairimh é sin agus tabhair don duine 
mhacánta seo é. Do leath a shúile ar Mhicil, mar ní fheaca 
sé Séadna ag tabhairt an airgid dá mhathair, agus do leath a 
shúile ar an mbáille, mar ní raibh aon choinne aige go raibh aon 
leathphinge airgid sa tígh. Ghlac sé an cíos agus thug sé a 
bhothar air, agus is é a bhí go cráite cancrach, mar bhí an 
áit geallta aige an mhaidin cheanna do dhuine eile ar bhréib mhaith.  
  | 
34. The bailiff came in. A white hat on him. Bulging cheeks he had. A self-important face 
on him. A frieze coat of sheepswool. A big belly on him and a wide front to him. Thick 
legs he had and a heavy blackthorn stick in his hand, panting and blowing. 
Rent or eviction, woman of the house ! he growled. 
She called for her son. Here Micheál, she said, Count that and give it 
to this honest man. Micheál blinked for he hadn't seen Séadna giving the 
money to his mother, and the bailiff blinked too, because he had no expectation of there 
being a halfpenny in the house. He took the money and hit the road, and he was tormented 
and cantankerous, because he had already promised the place to someone else for a good 
bribe.  
  | 
| 
  | 
35. Ar an Domhnach a bhí cugainn, bhí mathair Mhicil ag caint le bhean 
béaldorais agus innis sí an scéal díreach mar do thit 
sé amach...Agus iúnadh an scéal go léir, nuair a bhí 
Séadna ag díol na bhfear aréir, do shin sé punt chun Michil 
mar ba gnáth. Ó arsa Micil, táim díolta cheana. Glach 
é sin uaim, arsa Séadna, agus b'éigean dó !  
 
  |                                                          
35. On the next Sunday, Micheal's mother was talking to her next door neighbour and she 
told the story exactly as it happened... And the wonder of it all was , when he was paying 
the men last night, he handed a pound to Micheál as usual. Oh, said 
Micheál,  I'm paid already. Take that now from me, said Séadna, and 
Micheál had to !  
 
  | 
| 
  | 
We would like to acknowledge that, because of unavoidable condensing, necessary for 
fitting this tale into the space available, some alteration in plot has had to be made. We 
have, however, tried to use An tAth Peadar's own beautiful West Cork Gaelic as far as possible. 
Courtesy of Jack & Vivian, IrishPage.com  Jan 1. 2025 
  |