Tháinig Aingeal an Tiarna le scéala chun Mhuire
Agus ghabh sí ón Spiorad Naomh.
Sé do bheatha, a Mhuire srl.
Féach, mise banóglach an Tiarna
Go ndéantar liom de réir do fhocail.
Sé do bheatha, a Mhuire srl.
Ghlac an Briathar colainn daonna
Agus chónaigh Sé inár measc.
Sé do bheatha, a Mhuire srl.
Guigh orainn, a Naoimh Mháthair Dé
Ionas go mb'fhiú sinn geallúna Chríost a fháil.
Guímis.
Doirt anuas, impímid, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe
ionas, sinne a fuair fios trí scéala an Aingil ar theacht
Chríost do mhac i gcolainn daonna, go dtiocfaimis trí luaíocht
a pháise agus a chroise chun glóire a aiséirí.
Trí Chríóst ár dTiarna. Ámén.