<bgsound src="dromore.mid" loop="1">
Madra na n-ocht gCos - Dog with eightlegs II

Banríon ag titim -- Queen falling

How the Wicked Witch found out about the Princesses -- Chapter II.
A Munster Folk Story.

.

gcionn suim seachtainí tar éis phósta dhó,do ghaibh a bhean amach agus gan aoinne i n-éinfheacht lei. Do ghaibh sí tríd an gcathair do bhí cómhgarach do'n chúirt. Ar a gabháil thar doras i gceann des na sráideanna do shleamhnaigh sí agus do bhaineadh leagadh mór aisti ar an dtalamh chruaidh. "Tuille tubaiste chúgat," arsa bean an tí ag rith go dtí an doras nuair do chualla si an torann, " agus gura seacht measa an leagadh gheóbhaidh tú an chead uair eile do gheobhair an tslí seo!" agus phlab sí an doras amach ag dul isteach dí.

8. A few weeks after the king had married again, his new wife went out for a walk. She took no-one with her and she went through that part of the city which was near to the palace. As she went by a certain door in one of the streets didn't she trip and hurt herself on the hard ground. The woman of the house heard her fall and ran to the door. "More misfortune to you !... If you come this way again, I hope that you fall seven times worse !"she said. Then she went in and slammed the door.

9. D'éirigh an bhean uasal 'na seasamh agus d'imthig sí an bothar, agus do bhí sí ag cuimhneamh 'na h-aigne féinig i gcaitheamh na slí roimpi cadé an cúis a bhí ag bean an tí uirthi, mar ní raibh aithne ag aoinne an taobh sin tire uirthi. Lá ar na mháireach agus ar linn í gabháil thar an ndoras céanna do leagadh aris í ! Do rith bean an tí go dtí an doras arís agus do chonnaic sí í. "Fé mar a fuaras an athchuinghe inné" arsa ise, "Iarraim gurra seacht measa an leagadh a gheóbaidh tú amáirach, má ghabhann tu an tslí seo." Níor dhuirt an bhean uasal focal acht éiri 'na seasamh agus an bothar a chuir di fé dhein a' bhaile, ag cuimhneamh ins an am céanna go raibh cúis eigin ag bhean an tí uirthi.

9.The lady got up and went down the road wondering in her own mind what the woman of the house could have against her, because no-one on that side of the country could possibly know her. Next day, as she was passing that same house, didn't she slip and fall again ! The woman of the house ran to the door again and saw her."As I got my wish yesterday, may you trip and fall seven times worse tomorrow if you pass this way !" The lady never said a word but picked herself up and made her way home, wondering still what the woman of the house could possibly have against her.

10. Chuaidh an bhanríon an tslí ceannan céanna arís an tríú lá agus ar linn dí ghabháil thar an dtigh céanna do bhaineadh leagadh ní ba mheasa ná aon cheann do'n dá leagadh eile aisti. Do rith bean a' tí go dtí and doras nuair airigh sí ag tuitim í. Ch'nach gearr ort é," arsa isi, "mar is é is beag liom a n- imtheochaidh ort, a rópaire rógaire !"

10. The queen went the exact way again on the third day and as she was passing that same house, she slipped and fell worse than any fall she had before. The woman of the house ran to the door when she heard the noise. "That serves you right !" she said, "and it's little I care what happens to you, you scoundrel and rogue!"

11. D'éirigh an bhean uasal 'na seasamh agus d'iompaigh sí ar bhean an tí. "Cad tá déanta as an slí agamsa ort ?" arsa sise,"go bhfuilleann tú ag tabhairt a leithéid do ghuí le h-olcas dom gach lá , nuair a titim ar an dtalamh? Ní fhaca mé riamh thú feadh mo shaol." "Tá cúis mo dhóthain agam ort a rógaire caillí mar tánn tú pósta anois le dhá mhí agus níor thugais luach pinginne do bhainne nó blúire bí d'aon duine bocht da bhfuil sa tsráid seo ó shin agus mo chéad slán cun na máistreasa do bhí ansan romhat. Ní fágfadh SISE aon easnamh orainn gan cabhair ar bith agus ocras orainn."

11. The lady got up and she turned on the woman of the house."What on earth have I done against you that you are wishing evil on me every day when I fall ? I never saw you in all my life before." "I have cause enough, you hag!" said the woman of the house,"because you are married two months now and you never so much as gave a penny to a poor person to buy a drop of milk or a bite of food since then. My thousand blessings on the good mistress who was there before you. SHE wouldn't see the poor starve without helping them !"

12. "Cé hí an mháistreas do bhí romhamsa ann ?" a dhuirt an bhean uasal, mar níor innis an rí faich dí i dtaobh a chéad pósadh. "An chéad bhean a bhi ag an rí " dhúirt an bhean bhocht,"agus is sise do bhí 'na bean ghalánta mar ní bheadh tart na ocras orainn-ne go léir annso i ngan fhios dí, agus ní mar sin duitse a rógaire !" "An ligfá isteach i do thí me chun suí go fóill, - táimse traochta," arsa an bhean uasal. "Ligfaidh mé go deimhin. Is olc an diol ort e," d'fhreagair an bhean bhocht.

12. "Who was the mistress who was queen before me ?" asked the lady , for the king hadn't said a thing about his first marriage."The first wife the king had," said the poor woman,"And it is she was the lovely lady for there would never be thirst or hunger on us all here unknown to her - unlike you, you hussy!" "Would you ever allow me to come into your house to sit for a while for I'm exhausted." said the lady."I will indeed, though it is little you deserve it," replied the poor woman.

13. Chuaidh an bhean uasal isteach agus do shuí sí ar chathaoir istigh agus do tharraig sí chuichi lionteán óir. Chuir sí a lámh isteach ann agus do thóg sí amach as lán a ladhaire den ór agus shín sí chun bean an tí é. "Seo a bhean bocht," arsa sise. "Tóg é seo agus na bhiodh aon easnamh ort. Ní raibh aon fhios agam go raibh easnamh ar aoinne sa tsráid seo in aon chór."Do thóg an bhean bhocht an t-ór agus is sí a bhí go hathasach, mar ba mhór an congnamh dí é chun bídh a cheannach dá páistí agus ochras ortha.

13. The lady went in and sat on a chair and pulled out a gold net bag and she put her hand down into it and pulled out the full of her fingers of gold coins and held it out to the woman of the house. "Here, you poor woman," she said."Take this and don't have any more hardship....I didn't know that there was anyone in this street that was in need." The poor woman took the money and it is she was delighted because it would be a great help to her to buy food for her children when they would be hungry.

14. "An 'neósfa dhom anois," a dhubhairt an bhean uasal, "an fada a bhí an rí pósta romhamsa. Nó an bhfuil sé i bhfad ó chailleadh a bhean, nó an raibh aon chlann aige, nó má bhí, cá ngabhadar ?" "Ní 'neósainn é sin duit," a dhuirt an bhean bhocht, "mar do bhí an iomarca ceana agam uirthi féin agus ar a chlainn "Tabhairfhaidh mé duit a bhfuil d'ór insan linteán seo," arsa an bhean uasal, "má 'neósfair dom ca bhfuil a chlann nó 'mó duine duine aca ann !"

14. "Would you ever tell me now," said the lady, "Is it a long while since the king was married before me, or is it long since his wife died, or had he any children- and if so, where did they go ?" "Oh, I couldn't tell you that," said the poor woman, for I had too much love and affection for her and her family" "I will give you all the gold that's left in the gold net purse," said the lady, "if you will tell me how many children he had and where they are."

15. Ní raibh fhéidir leis an bhean bhocht a dá shúile a bhaint ón linteán ór. Tar éis tamaillín, duirt sí,"Tabhair dom é agus 'neosad gach ní atá ar eolas agam," Do thug, agus bhí droch aoibh gháire ar a beóla. "Tá TRIúR INGHEAN aige," arsa sise, "Na mnáibh is breátha gur lig súil duine riamh ortha, agus táid siad fé ghlas istigh i dtúr i n- áit ná fuil aon dul ag fear ná bean ortha acht ag a n-athair. Tá eochar an dorais ag an rí. Tabhairse fé ndeara an rí tar éis a chuid bí do d'ithe agus chídhfir ag gearra feóla agus arán é: bluire de gach aon bia agus braon de gach aon dígh dá mbeadh ar an mbórd agaibh chun iad a mbreith leis ag triall ar a chloínn, mar is measa leis lúidini a gcos ná dá mbeirfadh an fiach dubh idir chorp agus anam 'na ghob leis TUSA !"

15. The poor woman could not take her two eyes off the gold net purse. After a little while, she said, "Give it to me, and I'll tell you everything I know," and the queen handed it over with an evil smile on her lips. "The king has THREE DAUGHTERS,"the poor woman said. "They are three of the loveliest ladies anyone ever laid eyes on and they are locked up in a tower in a place where no man or woman can go but their father. The king has the key. Keep your eye on him and you will notice after he has eaten his own dinner, cutting up meat and bread : a bit of every sort of food and drink - whatever you have on the table. Then he will smuggle it out with him to take to his family. He would rather lose his littlest toe or that a raven should carry YOU away with her, body and soul in her beak, than that anything should befall them.

16. Chuaidh an bhean uasal thár nais go dtí an chúirt agus fearg an domhan uirthi acht níor lig sí aon ní uirthi. Tar éis a ndinnéir do bhí a dá súil i ndiaidh an rí i ngan fhios dó féachaint an bhfeicfadh sí ag fáil a ndinnéir dá chloinn é. Comh maith do chonnaic agus thug sí fé ndeara cé go háireach is a bhí sé nach bhféicfidh aoinne é gá dhéanamh - agus chonnaic an madra mór dubh go raibh sí ag fáire air. Bhí ana chiall ag an ngadhar sin agus do bhí sé ag lútáil timcheal an rí i gcómhnuí tar éis a chuid bídh a caitheamh ag feitheamh chun dul i n-éinfheacht leis go dtí an túr. Má bhí an bhanríon ag fáire ar an rí, bhi an gadhar ag fáire ar an bhanríon go géarr comh maith.

16. The lady returned to the palace in a great rage but she never said a thing about what she had heard. After dinner, she kept her two eyes secretly on the king to see if she could catch him getting food for his children. She did indeed see him and she noticed the great care he took that no-one should notice what he did. - and the dog noticed how she was watching him. That dog had great intelligence and it was fawning round the king, waiting to go with him to the tower. If the queen was watching the king, the dog was watching the queen just as carefully.

to be continued

We would like to acknowledge that, because of unavoidable condensing, necessary for fitting this tale into the space available, some alteration in plot has had to be made. We have, however, tried to use the beautiful West Cork Gaelic as far as possible.

Courtesy of Jack & Vivian, IrishPage.com 2010
Chapter 1 Madra Chapter I
This Page Madra Chapter II
Click here for
Replay background music: Dromore...
sequenced by Frank Lennon.
Ar mbuiochas le Caoimhghín Ó Brolcháin
ar son a chabhair leis an nGaedhilge


Filleadh go clár scéalta
Click icon above to go back to story index