1. Go mba slán beó bliadnach é
Mian croidhe gach uile neach,
An t-óigfhear breágh súgach
Do chliú na bhfear lúthmhar mear.
2. Shaoifeá ar uairibh
Gur mine ná uan é
'S níor bhfada uait a ghlórthaí,
Nó inntleacht nó eólas
3. Ach mórtus gan tlás
Mar ba chóir dhó ó n-a cháirde:
Leig dhó go fóill,
Agus déarfam níos mó.
4. Is súgach a theaghlach,
Is tréitheach 's is cliúiteach,
Bíonn fáilte ag feara Éireann
Gach éan-am sa dún san.
|
5. Le Gaedhilg, le damhsa,
Le béarla gach aimsir,
Ól choidhche 'na dteanta,
Agus ceólta dhá bplancadh,
6. Agus éigse dhá gceannsadh
Le greann is le cluainireacht;
'Sé fáth mo chúise
Go sásfadh sé an cúigeadh.
7. Go nólfainn-se sgála
Fá thuairim do shláinte
'S níor thaise liom Máire,
Gan amhras ní bréag.
8. Ó tá sé mar tá sé
'S nach gnáthach a't-adhbhar,
A Dhonnchaidh mhíc Cathail o.ig,
Céad fáilte romhat!
|