ugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,
agus go maireann a bhuanghrá go brách.
|
Give thanks to the Lord for he is good,

for his mercy endures forever.
|
2 Tugaigí buíochas do Dhía
na ndéithe, óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Give thanks to the God of gods,

for his mercy endures forever.
|
3 Tugaigí buíochas do Thiarna
na dtiarnaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Give thanks to the Lord of lords,

for his mercy endures forever.
|
4 Is é an t-aon neach amhán é
a dhéanann móréachtaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who alone does great wonders,

for his mercy endures forever.
|
5 Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who made the heavens in wisdom,

for his mercy endures forever.
|
6 Rinne sé an talamh a leathadh
ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who spread out the earth upon the waters,

for his mercy endures forever.
|
7 Eisean a rinne na soilse móra,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who made the great lights,

for his mercy endures forever;
|
8 Chuir sé an ghrian i gceannas an lae,
óir maireann a bhuanghrá go brách;
|
The sun to rule over the day,

for his mercy endures forever;
|
9 an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
The moon and the stars to rule over the night,

for his mercy endures forever;
|
10 Bhuail sé céadghin na nÉigipteach,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who smote the Egyptians in their first-born,

for his mercy endures forever;
|
11 Agus threoraigh sé Iosrael as a measc,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
And brought out Israel from their midst,

for his mercy endures forever;
|
12 Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
With a mighty hand and an outstretched arm,

for his mercy endures forever;
|
13 Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who split the Red Sea in twain,

for his mercy endures forever;
|
14 Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár,
óir maireann a bhuanghrá go brách .
|
And led Israel through its midst,

for his mercy endures forever;
|
15 Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir,
óir maireann a bhuanghrá go brách;
|
But swept Pharoah & his army into the Red Sea,

for his mercy endures forever;
|
16 agus sheol a phobal tríd an bhfásach,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who led his people through the wilderness,

for his mercy endures forever;
|
17 Bhuail sé na ríthe móra,
óir maireann a bhuanghrá go brách;
|
Who smote great kings,

for his mercy endures forever;
|
18 agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha,
óir maireann a bhuanghrá go brách;
|
And slew powerful kings,

for his mercy endures forever;
|
19 Sííochon, rí na nAmórach,
óir maireann a bhuanghrá go brách;
|
Sihon, king of the Amorites,

for his mercy endures forever.
|
20 agus Og a bhí ina rí ar Bháiseán,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
And Og, king of Bashan,

for his mercy endures forever.
|
21 Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht,
óir maireann a bhuanghrá go brách;
|
And made their land a heritage,

for his mercy endures forever.
|
22 mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
The heritage of Israel his servant,

for his mercy endures forever.
|
23 Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who remembered us in our abjection,

for his mercy endures forever. .
|
24 Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
And freed us from our foes,

for his mercy endures forever.
|
25 Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Who gives food to all flesh,

for his mercy endures forever.
|
26 Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
|
Give thanks to the God of heaven,

for his mercy endures forever.
|
|