|
|
Salm 127
A thatched roof cottage in Co. Cork
URA NDÉANA AN TIARNA AN TEACH a thógail,
is saothar amú é do lucht a thógála.
Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint,
is díomhaoin don gharda bheith á faire.
2. Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas,
agus bheith ag airneán go déanach,
sibhse a itheann arán an tsaothair;
óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.
3. Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann;
is tuarastal é toradh na broinne.
4. Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh,
is mar sin do chlann na hóige.
5. Is aoibhinn go deimhin don fhear,
a líon a thruaill leis na saigheada sin,
óir ní bhfaighidh an té sin náire,
agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata.
Courtesy of Vivian
Courtesy of Vivian and Jack, IrishPage.com 2000
Background Music: The Old Rambler
|